Stotles logo
Openclosing

Bainistiú taispeántas taistil: Acmhainní teagaisc agus foghlama.

Published

Description

Tá taispeántas taistil (acmhainní teagaisc agus foghlama) i leabharlann shoghluaiste ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) ina bhfuil sampla de raon leathan acmhainní teagaisc don oideachas trí Ghaeilge, acmhainní eile a bhaineann le teagasc na Gaeilge, agus saothair litríochta do dhaoine óga agus déagóirí. Tugann an leabharlann shoghluaiste cuairt ar scoileanna, ar choláistí oideachais, ar chomhdhálacha, agus tugtar deis do dhaoine fásta dul isteach agus féachaint ar a bhfuil ann, acmhainní a ordú nó eolas a fháil maidir le bealaí orduithe. Déantar idir 150 agus 200 cuairt in aghaidh na bliana. Tá conradh á thairiscint ag COGG do chomhlacht nó eagraíocht cúram bainistíochta a ghlacadh den taispeántas taistil, ar a n-áirítear fostú comhordaitheora/tiománaí; stoc-choimeád agus orduithe; amchlár cuairteanna; socruithe le scoileanna nó eile; seirbhísí eolais, cúram na feithicle. Post an chomhordaitheora: Fostófar comhordaitheoir/tiománaí agus beidh COGG páirteach sa phróiseas roghnúcháin. Beidh an conraitheoir freagrach as bainistiú an chomhordaitheora/tiománaí. Beidh cruinnithe rialta idir COGG agus an conraitheoir ar mhaithe le tacaíocht, eolas, comhairle agus oiliúint a sholáthar maidir le gnóthaí an taispeántais taistil. Beidh pointe teagmhála aitheanta laistigh de COGG agus déanfaidh duine ainmnithe de chuid an chonraitheora cumarsáid rialta leis an té sin. Beidh ardchaighdeán Gaeilge ag an duine a cheapfar; grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána; ceadúnas glan tiomána catagóir C; eolas ar fheithiclí agus é/í toilteanach an cúrsa lae CPC a dhéanamh gach bliain de réir rialacha an AE; scileanna idirphearsanta den scoth; tuiscint ar an gcóras oideachais; eolas ar (nó sásta eolas a chur ar) na hacmhainní ar fad sa taispeántas; taithí ríomhaireachta, riaracháin, margaíochta agus díolacháin. Is faoin gconraitheoir a bheidh na gnáthfeidhmeanna agus freagrachtaí fostóra. Freagracht COGG Maidir leis an leabharlann shoghluaiste, beidh COGG freagrach as íocaíochtaí árachais, cánach, páirceála, dolaí agus NCT, chomh maith le costais a bhaineann le deisiúchán agus cóiriú. Tá taispeántas taistil (acmhainní teagaisc agus foghlama) i leabharlann shoghluaiste ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) ina bhfuil sampla de raon leathan acmhainní teagaisc don oideachas trí Ghaeilge, acmhainní eile a bhaineann le teagasc na Gaeilge, agus saothair litríochta do dhaoine óga agus déagóirí. Tugann an leabharlann shoghluaiste cuairt ar scoileanna, ar choláistí oideachais, ar chomhdhálacha, agus tugtar deis do dhaoine fásta dul isteach agus féachaint ar a bhfuil ann, acmhainní a ordú nó eolas a fháil maidir le bealaí orduithe. Déantar idir 150 agus 200 cuairt in aghaidh na bliana. Tá conradh á thairiscint ag COGG do chomhlacht nó eagraíocht cúram bainistíochta a ghlacadh den taispeántas taistil, ar a n-áirítear fostú comhordaitheora/tiománaí; stoc-choimeád agus orduithe; amchlár cuairteanna; socruithe le scoileanna nó eile; seirbhísí eolais, cúram na feithicle. Post an chomhordaitheora: Fostófar comhordaitheoir/tiománaí agus beidh COGG páirteach sa phróiseas roghnúcháin. Beidh an conraitheoir freagrach as bainistiú an chomhordaitheora/tiománaí. Beidh cruinnithe rialta idir COGG agus an conraitheoir ar mhaithe le tacaíocht, eolas, comhairle agus oiliúint a sholáthar maidir le gnóthaí an taispeántais taistil. Beidh pointe teagmhála aitheanta laistigh de COGG agus déanfaidh duine ainmnithe de chuid an chonraitheora cumarsáid rialta leis an té sin. Beidh ardchaighdeán Gaeilge ag an duine a cheapfar; grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána; ceadúnas glan tiomána catagóir C; eolas ar fheithiclí agus é/í toilteanach an cúrsa lae CPC a dhéanamh gach bliain de réir rialacha an AE; scileanna idirphearsanta den scoth; tuiscint ar an gcóras oideachais; eolas ar (nó sásta eolas a chur ar) na hacmhainní ar fad sa taispeántas; taithí ríomhaireachta, riaracháin, margaíochta agus díolacháin. Is faoin gconraitheoir a bheidh na gnáthfeidhmeanna agus freagrachtaí fostóra. Freagracht COGG Maidir leis an leabharlann shoghluaiste, beidh COGG freagrach as íocaíochtaí árachais, cánach, páirceála, dolaí agus NCT, chomh maith le costais a bhaineann le deisiúchán agus cóiriú.

Timeline

Publish date

13 days ago

Close date

in 11 days

Buyer information

An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaiochta

Contact:
An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaiochta
Email:
brigid@cogg.ie

Explore contracts and tenders relating to An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaiochta

Go to buyer profile
To save this opportunity, sign up to Stotles for free.
Save in app
  • Looking glass on top of a file iconTender tracking

    Access a feed of government opportunities tailored to you, in one view. Receive email alerts and integrate with your CRM to stay up-to-date.

  • ID card iconProactive prospecting

    Get ahead of competitors by reaching out to key decision-makers within buying organisations directly.

  • Open folder icon360° account briefings

    Create in-depth briefings on buyer organisations based on their historical & upcoming procurement activity.

  • Teamwork iconCollaboration tools

    Streamline sales workflows with team collaboration and communication features, and integrate with your favourite sales tools.

Stop chasing tenders, start getting ahead.

Create your free feed

Explore similar tenders and contracts

Browse open tenders, recent contract awards and upcoming contract expiries that match similar CPV codes.

Explore more suppliers to An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaiochta

Sign up