Open tender

Published

Athdhearadh agus uasghrádú suímh idirlín/Redesign and upgrade of website

2 suppliers have saved this notice.

Looks like a fit? Save this tender and qualify it in Stotles

Value

110,000 EUR

Close date

2026-03-19

Description

Is é Údarás na Gaeltachta an t-údarás réigiúnach atá freagrach as forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha réigiúin na Gaeltachta ar fud na hÉireann. Tugann an tionscnamh seo cuireadh do sholáthraithe cáilithe suíomh gréasáin a dhearadh, a fhorbairt, a chur i bhfeidhm, a óstáil agus a chothabháil a fhreastalóidh ar ghrúpaí éagsúla úsáideoirí lena n-áirítear cliaint fiontraíochta, infheisteoirí, eagraíochtaí pobail, páirtithe leasmhara, agus daoine aonair a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge agus i réigiúin na Gaeltachta. Aithnítear sa tionscadal an athbheochan shuntasach spéise sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach ar fud oileán na hÉireann, rud a chuireann deis uathúil ar fáil chun an rannpháirtíocht athnuaite seo a úsáid agus tallann, cuairteoirí, mic léinn, agus fiontair a mhealladh chuig réigiúin na Gaeltachta trí chur chun cinn dea-chleachtas na háite digitithe. Tá an suíomh gréasáin reatha tar éis fás go horgánach agus tá sé anois plódaithe, neamhsheasmhach agus deacair a nascleanúint. Bíonn deacracht ag úsáideoirí na príomhthacaíochtaí a chuirtear ar fáil do ghnó agus faisnéis faoin nGaeltacht a aimsiú. Is é aidhm an athdhearaidh suíomh gréasáin nua-aimseartha, dátheangach (Gaeilge/Béarla) a chruthú atá éasca le nascleanúint, chun go mbeadh sé éasca d'úsáideoirí na tacaíochtaí agus na seirbhísí atá ar fáil a aimsiú agus a thuiscint. Ábhar a chun in eagair bunaithe ar riachtanas agus tascanna úsáideora seachas struchtúir inmheánacha. Feabhas a chur ar thaithí agus feidhmíocht agus a chinntiú go bhfuil sé réamhdhaingnithe do ré na hIntleachta Saorga (AI). Príomhúsáideoirí: • Gnólachtaí agus fiontraithe sa Ghaeltacht (nó atá ag iarraidh a bheith lonnaithe ann) • Grúpaí pobail agus fiontair shóisialta • Pleanálaithe teanga, eagraíochtaí cultúrtha agus daoine aonair a bhfuil spéis acu sa Ghaeltacht (ba cheart gurb é seo an príomhionad eolais don Ghaeltacht) • Na meáin, taighdeoirí agus lucht déanta beartas • Daoine ag lorg poist agus lorg oiliúna • Turasóirí/Cuairteoirí Ba cheart go gceadódh an suíomh don úsáideoir an fhaisnéis atá uathu a aimsiú go héasca agus laistigh de dhá chliceáil. Is í an tsimplíocht an rud is tábhachtaí, go mbeadh ábhar bunaithe ar riachtanas úsáideora seachas struchtúir inmheánacha. Cuimseoidh an suíomh roinnt rannán ar leith a bheidh ag freastal ar úsáideoirí éagsúla. Tugann an tionscnamh seo cuireadh do sholáthraithe cáilithe suíomh gréasáin aontaithe a dhearadh, a fhorbairt, a chur i bhfeidhm, a óstáil agus a chothabháil le leathanach tuirlingthe lárnach neamhphlódaithe ina treoraítear úsáideoirí ag roinnt rannán ar leith: Samplaí de rannacha thíos. Rannán a hAon Freastalóidh an rannán seo ar chliaint fiontraíochta agus infheisteoirí. Déanfar na tacaíochtaí a chuirtear ar fáil a thaispeáint, agus déanfar aibhsiú ar na buntáistí a bhaineann le lonnú agus oibriú sa Ghaeltacht. Rannán a Dó Beidh an rannán seo ina bunachar eolais faoin nGaeltacht. Freastalóidh sé ar eagraíochtaí pobail, pleanáil teanga, cultúr, agus na tacaíochtaí oiliúna/oideachais a chuirtear ar fáil.

Unlock decision maker contacts.

Never miss a tender again

Get alerts, AI summaries and tools to qualify faster

Explore similar pre-tenders, open or awarded contracts

Browse open tenders, recent contract awards and upcoming contract expiries that match similar CPV codes.

CoAction West Cork CLG

300,000 EUR

Published 7 hours ago

Charities Regulator

200,000 EUR

Published 2 days ago

Our Lady's Hospice & Care Services

150,000 EUR

Published 2 days ago

Department of Foreign Affairs and Trade/An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

300,000 EUR

Published 7 days ago

Explore top buyers for public sector contracts

Discover open tenders, contract awards and upcoming contract expiries of thousands of public sector buyers below. Gain insights into their procurement activity, historical purchasing trends and more.

Explore over 15,000 buyers

Sign up to the Stotles Tender Tracker for free

Find even more contracts with advanced search capability and AI powered relevance scoring.